Caoimh na bPáipéar (Irish story) (Scéal trí ghaeilge)

 

          Caoimh
          Suaimhneas
          Nuair a stopann gnó an tsaoil seo fásann caoimh.

 

          Bhí chuile duine gnóthach ag obair le haghaidh an fheis a bhí ar súil an lá sin! Feis-Ceoil an Inbhir Mhóir a bhí ann. Bhí Liam i rang a trí sa ghael-scoil ansin. Tháinig sé ar scoil inné théis mí go leith tinn le flú dona. Mar sin an dráma a bhí siad ag cur ar aghaidh… ní raibh páirt aige ann.

          Bhí an comórtas ar siúil inniu agus ní raibh am ar bith d’éinne eile. Bhí siad ró-ghnóthach. Inné ar maidin bhí sceitimíní air chun bualadh lena chuid cairde arís. Tháinig sé isteach le heló a rá le chuile dhuine ach théis sin thosaigh siad díreach leis an dráma. Gan Liam!

          Anois bhí sé ag tarraingt pictiúr leis féin agus dó féin. Agus a uaigneas! Bhí sé ina shuí sa chúinne, amach as bealach dhaoine. Pictiúr le peann luaidhe amháin a bhí sé a dhéanamh. Ní ceann ceart a bhí ann.

          Rinne sé líne an talamh agus stop sé. Thosaigh sé ag smaoineamh. Chuir sé an ghrian faoin talamh. Cúpla crann thuas sa spéir. Abhainn freisin. Bhí Pokémon ann le liathróid ina lámh agus duine ag teacht as. Thosaigh sé ag déanamh béar / fear ainimhí – Battle-Beast. D’inis a cholceathrar na scéalta faoi dó.

 

          “An jab! Ach céard é?!?”, thosaigh an príomhoide – Máistir Ó Flábhainn – ag caint leis.
          “Pictiúr”, arsa Liam leis.
          Thosaigh an múinteoir ag gáire, “Sea! So an bhfuil tú ag iarraidh teacht liomsa?”

          D’aontaigh Liam agus chuaigh sé leis chuig oifig na príomhoide – seomra ranga a trí – bhí a rangsa imithe le dráma freisin. Chuaigh sé isteach agus shuí sé síos lena chuid úrléisí ealáine agus cruthaigh sé.

          Bhí peann luaidhe, maircéirí agus péinteanna aige chomh maith le cárnán beag páipeár le dathanna eagsúla. Bhí sé, ag an am seo, trína chéile fós faoin dráma – mhothaigh sé go rith chuile dhuine uaidh. Ach théis tamaill d’imigh an smaoineamh as a cheann.

          Bhí ró-méid d’intinn caite aige ar an gcumadh. Thosaigh na crainn ag fás san áit ina mbíonn siad; an spéir san áit ina bhfuil sé agus an féar san áit a mbíonn sé ann. Rinne sé dearmad glan ar an am suas gur tapáil an múinteoir é ar a cheann.
          “Am le dul abhaile!”

          Bhí Liam caillte ar feadh noiméad – rinne sé dearmad ar an áit ina raibh sé ach théis soicind dhúisigh sé suas agus rith sé chun a chóta agus a mhála a fháil. “Slán a mhúinteoir!”, a ghlaoigh sé amach nuair a tháinig sé ar ais go dtí an áit ina raibh seisean agus a mham ag caint.

          Chas an múinteoir; “Maidin amárach tar isteach chugam – bhuaigh do rangsa sa comórtas so ní bheidh siad anseo arís – is féidir leat péinteáil arís!”

          An chéad lá eile tháinig sé isteach agus shuigh sé síos i gcúinne an tseomra. Ar feadh píosa bhí sé ag féachaint ar na páistí eile. Thosaigh sé ag cumadh – pictiúr beag le peann luaidhe amháin. An chéad cheann eile d’úsáid sé péint. Théis ceann eile bhí an rang imithe as a smaointe!

          Thosaigh sé ag scríobh focla ar na pictiúirí – an chéad cheann ná ‘díomá’ agus ansin bhí ‘gruama’ ach théis tamall phioc na móthúcháin suas! Ag deireadh an lae bhí pictiúr do spás deánta aige dárb ainm ‘sásta’!

          Díreach roimh dul abhaile tháinig a rangsa arais. Chaill siad agus bhí díomá an domhain scríofa ar na haigheadheanna beaga. Liam a bhí lán d’áthás, ach athás ciúin a bhí ann, ní an gnáth-cheann torannach a chuireann fonn ort rith agus béiceadh. Chuaigh siad ar fad abhaile gan focal a rá!

          “A mhúinteoir”, a dúirt sé leis an Uasal Ó Flabháinn, “ an féidir liom tarraingt amárach?”
Gháir an múinteoir, “Ach a Liamín beidh ranganna ag súil duit ag an am sin!”
          “Ach céard faoi am lóin?”, a chuir sé an cheist arís le dóchas.
          Bhí iontas ar an múinteoir leis an méid crógacht a bhí ag an gásúr beag. Mar sin dúirt sé, “Sea mar sin – tá obair le deánamh agamsa so is féidir leat teacht isteach i mo sheomra!”

          Chun críoch a chur leis an scéal – is péintéir é Liam anois ag saothrú an-airgead! Tagann sé isteach go dtí a shean-scoil mar tá fhios aige go bé sin é an t-am is tábhachtaí d’éinne! Tugann sé a lán airgid do chomórtaisí le haghaidh daoine óga agus an ealaín! Is moltóir é sa méid comórtaisí is atá sé in ann! Tá sé ag iarraidh scoil bheag a shocrú suas chun ealaín a thaispeáint!

          Aon huair atá agallamh aige agus a chuirtear ceist ar chonas atá sé in ann péinteáil mar atá sé deir sé é seo!

Caoimh
Maidin amháin dúisíonn tú suas ag déanamh rud a bhí tú a dheánamh do shaol ar fad – ach ní rud speisialta é! Ach an mhaidin seo tá chuile rud imithe uait! Níl rud ar bith fágtha agat. Agus thosaigh mé ag péinteáil – d’érigh sé as sin!
D’fhás an chaoimh istigh ionam agus ní raibh aon rud i mo dhomhan beag seachas an paipeár agus mé féin – clann muid ó shin!
Mé féin, an paipeár agus an chaoimh a tháinig ó thada!

 

Caoimhín

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: